Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for global professionals · Friday, April 19, 2024 · 705,112,053 Articles · 3+ Million Readers

Dair Ghaelach curtha ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins mar chuid de shearmanas chun comóradh a dhéanamh ar sheoladh na hÉireann ar an mBliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí IYPH 2020 i bPáirc an Fhionnuisce

Chuir Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins “Dair Ghaelach" dhúchasach inniu i bPáirc an Fhionnuisce chun comóradh a dhéanamh ar sheoladh na hÉireann ar an mBliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí 2020.

Roghnaigh Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta (FAO) na Náisiún Aontaithe an bhliain 2020 chun feasacht a ardú ar mar is féidir le cosaint a thabhairt do shláinte plandaí cúnamh a thabhairt le deireadh a chur le hocras, bochtaineacht a laghdú, an timpeallacht a chosaint, agus borradh a chur faoi fhorbairt eacnamaíochta. Is ionann plandaí agus 80 faoin gcéad den bhia a ithimid, agus 98 faoin gcéad den ocsaigin a análaímid.  Ach mar sin féin, tá plandaí faoi bhagairt shíoraí ó lotnaidí agus ó ghalair andúchasacha agus tá an bhagairt sin ag méadú. Tá éiceachórais á n-athrú agus bithéagsúlacht á laghdú de bharr athrú aeráide agus gníomhaíochtaí an duine agus cruthaítear coinníollacha inár féidir le lotnaidí a bheith ag bláthú dá mbarr chomh maith. Chomh maith leis sin tá méadú faoi thrí tagtha ar thaisteal idirnáisiúnta le deich mbliana anuas rud a chiallaíonn go bhfuil lotnaidí agus galair ábalta scaipeadh ar fud an domhain ar bhealach níos sciobtha anois ag déanamh an-dochar do phlandaí dúchasacha agus don timpeallacht.

 

Is téama leanúnach é an tábhacht a bhaineann le plandaí, an fiadhúlra agus an timpeallacht nádúrtha a chosaint i rith Uachtaránacht Michael D. Higgins. Dhírigh an tUachtarán aird faoi leith ar an tionchar atá ag athrú aeráide, ag rá go ndéanfar an ghlúin seo a “mheas de réir cibé an bhreathnaigh muid an treo eile nuair a bhí aghaidh le tabhairt againn ar leochaileachtaí an domhain nó an raibh an bá nár mhór a bheith againn againn d'fhonn ár idirspleáchas a cheiliúradh, agus is iad na glúnta amach romhainn a thabharfaidh an breithiúnas sin”.

 

Dúirt Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht, a bhí i láthair ag an imeacht, "Thug Éire tacaíocht láidir do thionscnamh na Náisiún Aontaithe ó thús an phróisis", agus leag sé béim ar an tábhacht a bhain leis an Uachtarán Higgins a bheith ag cur crann dúchasach na hÉireann chun Bliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí na hÉireann a sheoladh. Dúirt an tAire freisin go gcuirfeadh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na príomhtheachtaireachtaí ón tionscnamh i bhfeidhm ag imeachtaí ábhartha i rith na bliana, ar nós Bloom agus na Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta.

Chomh maith leis sin thagair an tAire do Straitéis nua um Shláinte agus Plandaí d'Éirinn a foilsíodh le déanaí, trína gcuirfear tacaíocht ar fáil d'aidhmeanna an tionscnaimh agus trína gcuirfear plean oibre ar fáil d'fhonn timpeallacht na tíre a chosaint, timpeallacht churaíochta agus fhiáin araon.

Tar éis don Uachtarán an dair Ghaelach a chur, mar fhocal scoir dúirt an tAire “Is léir go mbeidh tionchair shuntasacha ag baint leis an mBliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí 2020 maidir le roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA agus cuspóirí straitéiseacha an FAO a bhaint amach. Tá gealltanas follasach tugtha ag Éirinn cheanna i ndáil leis sin.”

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is féidir tuilleadh eolais maidir le Bliain Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí na Náisiún Aontaithe a fháil ag

https://www.ippc.int/en/news/launch-event-of-international-year-of-plant-health-2020/

 

 IYPH 2020 Tree Planting with President Higgins

CRÍOCH

 

Date Released: 15 January 2020

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release